Coillte

Leis na mílte blianta anuas, bhí tírdhreach na hÉireann clúdaithe ag coillte darach, fuinseoige, leamháin, coill, iúir agus crann dúchasach eile. Le teacht daoine go hÉirinn, rinneadh an tírdhreach a dheighilt chun feirmeoireacht a éascú, agus ina dhiaidh sin, glanadh na bhforaoisí chun spás a dhéanamh do bharra agus do bheostoc; d’fhág sé sin go bhfuil Éire ar cheann de na tíortha is lú san Eoraip a bhfuil crainn ag fás inti, gan ach thart ar 9% clúdaithe ag foraoisí. Níl ach 1% den mhéid sin ina choillearnach dhúchasach, áfach, agus is ionann an 8% eile agus crainn bhuaircíneacha neamhdhúchasacha, den chuid is mó.

Tá meascán de chrainn agus de thoir ar airde éagsúla i gcoillearnacha. De ghnáth, áirítear ar na sraitheanna ceannbhrat crann ard amhail crainn darach agus crainn fuinseoige, sraith mheánach ina bhfuil toir amhail an sceach gheal, an crann cuilinn agus an coll. Meascán de raithneach, féara, seiscí agus plandaí luibheanna atá san fhódchiseal. Is de bharr sin atá struchtúr ceartingearach ar leith ag an gcoillearnach, agus a chuirtear réimse leathan gnáthóg ar fáil ina dtacaítear le réimse ilchineálach flóra agus fána.

Is ionann adhmad marbh agus crainn leagtha laistigh de choillearnacha leathnádúrtha agus gnáthóga tábhachtacha, agus tacaítear le raon leathan feithidí agus fungas an-speisialta. Tá an-tábhacht ag baint leis na sraitheanna éagsúla atá i gceist sa choillearnach mar sin, ó thaobh na bithéagsúlachta de.

Roinntear na coillte in Éirinn de réir coillearnacha leathnádúrtha agus cineálacha coillearnaigh eile, plandálacha tráchtála, den chuid is mó. Tá coillearnacha nádúrtha nó coillearnacha ‘ársa’ fíor-annamh anois agus tá go leor de choillearnacha nádúrtha na tíre i mbaol anois de dheasca ionradh na speiceas neamhdhúchasach, lena n-áirítear ródaideandrón, an crann labhrais, an crann feá, an seiceamar agus an sprús. Tá siad i mbaol freisin de dheasca ró-innilt ainmhithe a bheathaíonn iad féin ar chrainn óga leathanduilleacha.

Tá roinnt cineálacha éagsúla coillearnach leathnádúrtha in Éirinn. Tá coillte darach ar na coillte is coitianta atá againn. Go minic, bíonn roinnt crann fuinseoige agus beithe iontu freisin, leis an gcrann coill, an crann cuilinn agus an crainn caorthainn scaipthe anseo is ansiúd iontu. Tá coillte darach le fáil i gCill Airne, Co. Chiarraí, i nGleann Dá Ghrua, Co. Chill Mhantáin agus i nGleann Bheatha, Co. Dhún na nGall. É sin ráite, tá coillte beaga i ngach contae, nach mór.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar Choillearnacha, lena n-áirítear eolas ar chineálacha coillearnach in Éirinn, speicis agus an reachtaíocht lena gcosnaítear coillearnacha, íoslódáil Bileog Eolais Dúil sa Dúlra maidir le Coillearnacha.

Céard is féidir liom a dhéanamh chun Bithéagsúlacht na gCoillearnach a chur chun cinn?