Is cuid ríthábhachtach de thírdhreach na tíre iad na hacmhainní fionnuisce atá againn agus cuirtear réimse gnáthóg ar fáil leo a thacaíonn le flúirse fiadhúlra, lena n-áirítear éisc, éin agus inveirteabraigh. Tá siad riachtanach do bhithéagsúlacht na hÉireann. Tá bithéagsúlacht fionnuisce an-leochaileach mar gur acmhainn do dhaoine é fionnuisce a d’fhéadfadh a bhaint, a atreorú, a choinneáil nó a thruailliú ar bhealaí a bhaineann dá luach mar ghnáthóg d’orgánaigh.
Ta os cionn 11,000 loch in Éirinn, an chuid is mó acu i lár na tíre, san iarthar nó san iarthuaisceart. Dá gcuirfeá na haibhneacha agus na locha uile le chéile, bheadh fad nach mór 1,500 km i gceist. Tá roinnt cineálacha éagsúla locha againn in Éirinn, a bhfuil a speicis agus a ghnáthóga féin ar leith ag gach ceann díobh. Is ar stádas trófach nó ar stádas cothaithigh an uisce a bhunaítear rangú lochanna, de ghnáth. Ar na speicis a aimsítear go coitianta i lochanna, tá duileasc abhann, cineálacha éagsúla lilí agus caonaigh. Is dócha gurb é an turlach an cineál locha is spéisiúla atá againn. Is in Éirinn amháin, nó geall leis, a fheictear na locha seo, agus tá an chuid is mó díobh le fáil in iarthar na tíre. Is locha séasúracha iad seo in imchuacha nó logáin i limistéir aolchloiche agus tacaítear le réimse leathan speiceas uisceach, amfaibiach agus talún iontu.
Is féidir aibhneacha a roinnt in dá chatagóir – aibhneacha talún airde agus aibhneacha talún ísle. Ar na speicis a aimsítear in aibhneacha go hiondúil, bíonn caonaigh uisceacha, léicin, aelusanna le fáil in aibhneacha talún airde, fad a bhíonn speicis amhail bual-lilí agus giolcacha le fáil in aibhneacha talún ísle. Cothaítear éisc de chineálacha éagsúla in aibhneacha na hÉireann, lena n-áirítear an bradán, an breac agus an liús. Ar na héin a bhíonn le feiceáil ar imeall an locha, tá an murlach mara agus an corr réisc.
Ar an iomlán, tá caighdeán an uisce sa tír seo go maith, rud a fhágann go bhfuil éagsúlacht i gceist ó thaobh flóra agus fána atá le fáil sna córais fionnuisce atá againn. Mar sin féin, tá roinnt gníomhaíochtaí a sainaithníodh a bhfuil drochthionchar acu ar aibhneacha agus ar lochanna na tíre. Áirítear orthu seo saibhriú na sruthchúrsaí le cothaithigh amhail nítrigin agus fosfar de thoradh gníomhaíochtaí talmhaíochta agus cóireáil neamhéifeachtúil fuíolluisce, i bhfoirm dabhach shéarachais go príomha. Bíonn imfhás algaí agus plandaí uisceacha mar thoradh ar shaibhriú cothaithigh, agus de thoradh air sin, laghdaítear an méid ocsaigine atá san uisce, rud a fhágann nach bhfuil sé in ann foirmeacha eile beatha a chothú.
Ar na bagairtí eile atá ar fhionnuisce na hÉireann, tá:
- Athruithe ar an úsáid a bhaintear as an talamh, e.g. réiteach talún nó cur crann buaircíneach, a d’fhéadfadh aigéadacht an uisce agus sioltachán a mhéadú; agus
- Tabhairt isteach speiceas neamh-dhúchasacha e.g. an diúilicín riabhach, arb é is cúis le fadhbanna tromchúiseacha d’éisc áirithe ó tugadh isteach anseo é.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar Fhionnuiscí, lena n-áirítear cineálacha córas fionnuisce in Éirinn, speicis spéisiúla agus coitianta a bhaineann le gnáthóga fionnuisce, bagairtí ar fhionnuiscí agus an reachtaíocht lena gcosnaítear fionnuiscí, íoslódáil an Bhileog Eolais maidir le Fionnuisce.
Céard is féidir liom a dhéanamh chun Bithéagsúlacht Fionnuisce a chosaint?